Dhá Chomórtas Filíochta Do Dhaltaí Iar-bhunscoile

Seolann IMRAM agus Poetry Ireland Dhá Chomórtas Filíochta Do Dhaltaí Iar-bhunscoile
Tá lúcháir ar IMRAM agus ar Poetry Ireland dhá comórtas do dhaltaí iar-bhunscoile ar fud oileán na hÉireanna a fhógairt: Duais Bashō, comórtas haiku, agus Guth na hÉigse, comórtas aithrise filíochta. Leis an dá thionscnamh seo, atá maoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Foras na Gaeilge, tugtar deis do dhaoine óga filíocht a chumadh agus a chur i láthair.
Anuraidh ghlac os cionn 500 déagóir as 19 scoil i mBaile Átha Cliath, Dún na nGall, Cill Mhantáin, Uíbh Fháille, Ciarraí, Tír Eoghan, Corcaigh, Port Láirge, an Lú, Luimneach agus Cill Dara páirt sa gcomórtas Duais Basho. Tá súil againn go nglacfaidh níos mó daoine óga páirt ann i mbliana.
Is é an scríbhneoir clúiteach agus ball d’Aosdána Gabriel Rosenstock a dhéanfaidh moltóireacht ar an gcomórtas. Is é an haiku an fhoirm fhileata is giorra ar domhan a tháinig chun cinn sa tSeapáin sa 17ú hAois, agus a bhláthaigh i ré an mháistir mhóir, Basho. Scríobhtar dánta Haiku i dtrí líne de ghnáth agus tá seacht siolla déag ar a mhéad iontu.
Sa gcomórtas Guth na hÉigse, tugtar cuireadh do dhaltaí dánta ó liosta réamhroghnaithe a aithris os comhair lucht féachana. Agus iad rannhpháirteach sa gcomórtas seo, cuireann daltaí lena bhféinmhuinín, lena scileanna cur i láthair agus lena dtuiscint ar fhilíocht na Gaeilge.
Críochnóidh an dá chomórtas le ceiliúradh speisialta in Amharclann Smock Alley, Baile Átha Cliath ar an 21 Samhain, mar chuid d’Fhéile IMRAM. Le linn na hócáide seo beidh deis ag daltaí cur i láthair a dhéanamh ar stáitse proifisiúnta, bualadh le filí óga eile, agus páirt a ghlacadh i bpobal bríomhar fhilíocht na Gaeilge CRÍOCH:
Tuilleadh eolais:
Majella Ní Chríocháin, Bainisteoir IMRAM
Fiona Ní Ghloinn, Oifigeach Forbartha,