Clár Scoile SAOR IN AISCE ó Voice Ireland is é Picker Pals
Tá daltaí ag cur feabhais ar an domhan & ag baint taitnimh as freisin!
An bhfuil tú cláraithe le Picker Pals go fóill?

Scanáil an Cód QR nó Cliceáil ar an NASC seo chun clárú a dhéanamh
Clár scoile SAOR IN AISCE ó Voice Ireland is é Picker Pals ina bhfuil bailiú bruscair mar phríomh-aidhm aige. Oireann an clár do pháistí idir 6-9 mbliana d’aois. Cuirtear ar fáil é trí mheán na Gaeilge agus i mBéarla chomh maith, agus oibríonn Voice Ireland le múinteoirí i ranganna speisialta chun an clár a chur in oiriúint do riachtanais speisialta a gcuid daltaí.
Spreagann Picker Pals páistí óga chun a gcuid teaghlach a threorú ar eachtraí bailithe bruscair ina bpobail áitiúla féin. An chuid den chláir is fearr leo ná seal a fháil leis an “bPicker Pack” agus é a thabhairt abhaile don deireadh seachtaine, ionas gur féidir leo a bheith mar “bhainisteoir timpeallachta” sa teaghlach.
Is aoibhinn leo freisin tuairisc a thabhairt don seomra ranga faoi na rudaí a aimsigh siad nuair a thugann siad an paca ar ais ar scoil. Ritheann an clár ar feadh na bliana ar bhonn rothlach, áit a dtugann páiste amháin an paca abhaile ag an am céanna agus déanann siad cur síos ar a gcuid n-eachtraí os comhair an ranga ar bhonn seachtainiúil. Mar sin, éiríonn sé nádúrtha do na páistí labhairt faoin timpeallacht mar rannpháirtithe gníomhacha, agus cuireann sé tuiscint ar fhreagracht iontu.
Insíonn múinteoirí go rialta go bhfuil Picker Pals thar-a-bheith éasca a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, toisc go gcuirtear gach rud ar fáil dóibh. Cuireann Voice Ireland ceachtanna spraíúla agus faisnéise ar líne ar fáil chomh maith, mar aon le físeáin agus comórtais i rith na bliana.
Cláraigh anois chun Picker Pals a thabhairt chuig do sheomra ranga i mí Mheán Fómhair seo chugainn! Bíonn spásanna teoranta i gconáí, mar sin, cláraigh go luath.
Tuilleadh eolais: www.voiceireland.org/campaign/picker-pals agus www.pickerpalsworld.org