Skip to main content

(094) 9020700  | eolas@mayoeducationcentre.ie
Eircode: F23HX48

Corpoideachas trí Ghaeilge

mceclip.png

 

A Stiúrthóirí, a chairde,

Sheol an tAire Byrne tionscnamh nua “Corpoideachas trí Ghaeilge” an tseachtain seo caite, 12 Meán Fómhair in Gracepark ETNS. Dhear COGG an pacáiste acmhainní seo le cabhrú le múinteoirí na naíonán múineadh na Gaeilge a chomhthathú le luthchleasaíocht sa rang Corpoideachais.  An bhliain seo chugainn, forbrófar acmhainní breise le tacú le múinteoirí i soláthar Corpoideachais trí Ghaeilge do rang a haon agus rang a dó de réir mar a aistríonn na naíonáin ar aghaidh tríd an scoil agus beidh na hacmhainní seo ar fáil do gach rang sa bhunscoil faoin mbliain 2027. Cinnteoidh seo go mbeidh tuiscint níos fearr ag na daltaí ar fhoghlaim na Gaeilge i gcomhthéacs taitneamhach agus go mbainfidh siad níos mó suilt aisti.

Le trí bliana anuas, bhí an Roinn Oideachais in éineacht le COGG agus Oide, ag obair le níos mó agus níos mó bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna chun an cur chuige Foghlaim Chomhthaite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) a leabú maidir le foghlaim teangacha. Is tionscadal é seo de chuid COGG le tacú le hobair na Roinne maidir le scoileanna ar mian leo cur le húsáid na Gaeilge sa scoil, a spreagadh le tabhairt faoin gcur chuige spreagúil cruthaitheach seo.  Níl sé indéanta go mbeadh gach bunscoil sa tír mar chuid de scéim FCÁT oifigiúil na Roinne a bhfuil tacaíocht Oide luaite leis. Ar an mbonn sin, tá COGG ag cur deise eile ar fáil do bhunscoileanna chun tabhairt faoi mhúineadh an Chorpoideachais trí Ghaeilge.

D’fhorbair COGG na hacmhainní nua seo – Corpoideachais trí Ghaeilge - ag tarraingt ar thorthaí tionscadal trí bliana a bhain le (FCÁT) agus tá siad ar fail saor in aisce do na scoileanna uile ar shuíomh gréasáin COGG: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Is chóir úsáid a bhaint as an bpasfhocal seo: CTG2024/25

Beimid ag iarraidh ar scoileanna clárú ar an suíomh mar teastaíonn uainn fios a bheith againn cén méid scoileanna atá ag baint úsáid as na hacmhainní, aiseolas a fháil uathu faoi cháilíocht na n-acmhainní agus deiseanna tacaíochta eile a sholáthar dóibh.

Jacqueline Ní Fhearghusa

Príomhfheidhmeannach

COGG

 

Nótaí Breise faoin FCÁT agus tionscadal na Roinne:

Thosaigh an Roinn Oideachais, in éineacht le COGG, Oide agus páirtithe leasmhara eile, ar thionscadal píolótach Gaeilge trí bliana FCÁT in 2019 a críochnaíodh i samhradh 2024 (bhí moill air de bharr COVID).  Tugadh faoi dhá thionscadal FCÁT eile, ceann a rinne an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige don Ghaeilge ag an leibhéal a bhain le Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige, agus ceann a rinne Teangacha Iar-bhunscoile Éireann (PPLI) i bpáirt le Roinn na Nuatheangacha Iasachta in Ollscoil Mhá Nuad. 

Cuireann Foghlaim Chomhthaite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) modh ar fáil le gnéithe den churaclam a sholáthar trí theanga nach meán teagaisc í sa scoil. Cé nach ionann FCÁT agus tumoideachas, tá solúbthacht agus deiseanna inti le haghaidh cur chuige a dhíríonn níos mó ar fhoghlaim agus ar theagasc na sprioctheanga (an Ghaeilge sa chás seo) i scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla.  Is í aidhm FCÁT an curaclam a mhúineadh trí theanga eile agus é ag díriú 50/50 ar an ábhar agus ar an teanga. 

Bhí an tionscadal píolótach FCÁT bunaithe ar thaighde:  Research COGG | COGG agus rinne Grúpa Stiúrtha maoirseacht air, grúpa ina raibh ionadaithe ón tríú leibhéal agus ó eagraíochtaí Gaeilge. 

Thar thréimhse trí bliana, ghlac 56 bunscoil agus 5 iar-bhunscoil páirt i dtionscadal píolótach FCÁT na Gaeilge.  Chuir Oide oiliúint agus tacaíocht leanúnach ar fáil. Ag leibhéal na bunscoile, thacaigh FCÁT le snáitheanna Corpoideachais agus Mata, agus ag leibhéal na hiar-bhunscoile, thacaigh FCÁT le réimse ábhar, Tíreolaíocht, Mata, Eacnamaíocht Bhaile, Corpoideachais, Eolaíocht agus Oideachas Reiligiúin.

I ndiaidh próiseas léiriú spéise, léirigh 101 bunscoil eile agus 13 iar-bhunscoil eile go mbeadh spéis acu i bpáirt a ghlacadh in FCÁT in 2024/25.

Tá réimse leathan acmhainní FCÁT forbartha mar chuid den tionscadal píolótach a bhaineann le FCÁT agus tá siad ar fáil ar leathanach gréasáin a dhíríonn go hiomlán ar FCÁT:  Content & Language Integrated Learning (CLIL) | Home Page | Junior Cycle for Teachers (JCT)

Aidhmeanna FCÁT:

  • Méadaíonn sé teagmháil na bhfoghlaimeoirí leis an nGaeilge mar go mbíonn níos mó teagmhála acu leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide agus teagaisc i gcomthéacsanna cearta taobh amuigh de cheachtanna Gaeilge
  • Tacaíonn sé le forbairt inniúlachtaí ardoird cognaíocha agus cruthaitheacha na bhfoghlaimeoirí
  • Baineann sé leas as deiseanna chun teanga a shealbhú agus ábhar a fhoghlaim agus iad a chomhtháthú i réimsí eile curaclaim
  • Méadaíonn sé réimse oideolaíoch múinteoirí Gaeilge agus ábhair eile
  • Leathnaíonn sé buntaistí an dátheagachais taobh amuigh d’earnáil na Gaeilge. 

I gcás daltaí, seo roinnt de na buntáistí a bhaineann le FCÁT:

  • Tá spreagadh níos fearr agus eolas níos fearr acu i gcás na Gaeilge agus an ábhair
  • Tá scileanna níos fearr acu i scileanna cognaíocha ar nós smaointeoireacht chriticiuil agus smaointeoireacht ardoird
  • Forbraíonn FCÁT a bhfeasacht chultúrtha agus a n-eolas cultúrtha
  • Forbraíonn FCÁT a straitéisí foghlama agus cumarsáide

I gcás múinteoirí, seo roinnt de na buntáistí a bhaineann le FCÁT:

  • Méadaíonn sé deiseanna d’fhorbairt ghairmiúil áit a méadóidh oiliúint tuiscint na múinteoirí ar an gcur chuige FCÁT, ar na prionsabail atá mar bhonn faoi FCÁT, in éineacht le oideolaíochtai eile a bhaineann le múineadh teangacha
  • Tá deiseanna ann do níos mó comhoibrithe le comhghleacaithe taobh istigh dá n-áit /scoil féin, chomh maith le cleachtóirí/ múinteoirí ó áiteanna eile agus ó scoileanna eile.
  • Tá leibhéil speagtha níos airde thart ar fhoghlaim na Gaeilge i measc foghlaimeoirí ina seomraí ranga