Expressions of Interest - COGG Gaeilge Summer Course Facilitator Required
A Phríomhoide, a chara
Tán Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann agus COGG ag obair as lámha a chéile agus cúrsa samhraidh nua nuálach a chruthú do mhúinteoirí bunscoile. Is do mhúinteoirí nach bhfuil líofa nó muiníneach as a bheith ag labhairt Gaeilge an cúrsa seo go háirithe. Is é sprioc an chúrsa seo tógáil ar fhéinmhuinín, ar líofacht agus ar thaitneamh i labhairt na Gaeilge. Beidh taisce acmhainní, smaointe teagaisc spraíúla agus gníomhaíochtaí do mhúinteoirí san áireamh chomh maith ionas go spreagfar múineadh na Gaeilge ina seomraí ranga.
Tá Ionad Tacaíochta Oideachais Mhaigh Eo ar thóir léiriú spéise ó mhúinteoirí nó príomhoidí a mbeadh suim acu ann agus ar mhian leo a bheith curtha san áireamh mar éascaitheoir an chúrsa samhraidh seo.
Rachaidh múinteoirí incháilithe faoi oiliúint roimh an cúrsa seo a éascú, oiliúint a chuirfidh COGG ar fáil. Anuas air sin:
- ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun an cúrsa seo a éascú ón 1-5 Iúil 2024
- ní mór go mbeidh ardchumas sa Ghaeilge ag an té a cheapfar ach ní gá go mbeidh siad ag múineadh trí mheán na Gaeilge; anuas air sin, ní mór go mbeidh a gcroí istigh sa Ghaeilge agus í a labhairt agus a mhúineadh le fonn
- ní mór don té a cheapfar freastal ar oiliúint teagascóra ar an 26 Aibreán (beidh ionadaíocht ar fáil) agus ar an 27 Aibreán sula n-éascóidh an té sin an cúrsa. Beidh roinnt cruinnithe ar líne Zoom le freastal orthu chomh maith mar ullmhú roimh ré.
Is deis iontach go deo é seo do phríomhoide nó do mhúinteoir ar bith a bheith rannpháirteach in éascú FGL trí mhaoirseacht Ionad Tacaíocht Oideachais Mhaigh Eo . Bheinn faoi chomaoin agat dá roinnfeá an t-eolas seo le do bhaill foirne agus le haon duine go háirithe a cheapfá go mbeadh siad oiriúnach go maith don ról seo. Is féidir léirithe spéise a chur in iúl trí ghliogáil anseo.
Go raibh míle maith agat as do chuid tacaíocht don togra seo.
Le gach dea-ghuí