Skip to main content

(094) 9020700  | eolas@mayoeducationcentre.ie
Eircode: F23HX48

info@ncca

 
Eagrán 39 - Márta 2022  
Fáilte chuig Eagrán 39 de info@ncca, an chéad cheann in 2022, agus fáilte mhór roimh shíntiúsóirí nua go háirithe.

Cuireadh tús le go leor gníomhaíochtaí scoile arís ar an 28 Feabhra tar éis dhá bhliain den phaindéim. Lá ina dhiaidh sin, baineadh amach garsprioc mhór de chuid athfhorbairt CNCM ar an gcuraclam bunscoile agus reáchtáladh imeacht chun comóradh a dhéanamh ar dheireadh an chomhairliúcháin ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile. Chomh maith leis sin, gheobhaidh tú sonraí maidir leis an mbealach ar féidir leat do chuid smaointe a roinnt maidir le Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige agus faisnéis maidir leis an gcomhairliúchán ar Dhréachtchuraclam Matamaitice na Bunscoile a thosóidh go luath agus lena n‑áireofar dlúthpháirtíocht le líonra scoileanna. Tá nuashonruithe againn freisin maidir le hacmhainní chun tacú le teagasc agus foghlaim. Áirítear leo sin: treoir chun tacú le cur i gcrích an Tionscadail Shamhaltaithe mar chuid de Churaclam na Matamaitice Feidhmí a tugadh isteach i mí Mheán Fómhair seo caite agus acmhainní nua OSPS chomh maith leis an t-eolas is deireanaí ar an tuarascáil ar an gcomhairliúchán is déanaí a thacaíonn le hobair ar OSPS na Sraithe Sóisearaí. Tá go leor anseo le hiniúchadh agus tá súil againn go mbeidh sé cabhrach le do chuid oibre. 

Go raibh sos deas suaimhneach ag síntiúsóirí info@ncca le linn an deireadh seachtaine saoire bainc agus beimid i dteagmháil arís i dtéarma an tsamhraidh.



Tá Aistear á nuashonrú

Tá tús curtha ag CNCM le nuashonrú a dhéanamh ar Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige. Is éard a bheidh i gceist le Céim 1 ná comhairliúchán le páirtithe leasmhara, páistí san áireamh, le fiafraí díobh cé na rudaí a bhfuil ag éirí go maith leo agus cé na nithe ar chóir iad a nuashonrú lena chinntiú go leanfaidh Aistear de bheith ag tacú le heispéiris churaclaim ardchaighdeáin do pháistí ón mbreith go dtí aois a sé bliana.

Léigh níos mó



Matamaitic Fheidhmeach na hArdteistiméireachta

D’fhoilsigh CNCM doiciméad ar na mallaibh dar teideal Treoirlínte chun tacú leis an Tionscadal Samhaltaithe chun tacú le cur i bhfeidhm na sonraíochta úire le haghaidh Mhatamaitic Fheidhmeach na hArdteistiméireachta i scoileanna.

Léigh níos mó



Nuashonrú OSPS

Táthar tar éis acmhainní breise a chur leis an tacar foinsí ar líne do mhúinteoirí OSPS agus tá ag éirí go maith leis an obair maidir le hathfhorbairt churaclam OSPS na sraithe sóisearaí.

Léigh níos mó


Comhairliúchán ar an Matamaitic Bhunscoile

Cuirfear tús leis an gcomhairliúchán ar dhréacht-Churaclam Matamaitice na Bunscoile sna seachtainí beaga atá romhainn. Is éard a bheidh i gceist leis ná obair le gréasáin de scoileanna, dul i gcomhairle le páistí, ceistneoirí ar líne d’oideachasóirí agus do thuismitheoirí agus deis chun aighneachtaí scríofa a dhéanamh. Léigh níos mó faoin gcomhairliúchán agus faoi na slite ar féidir leat bheith rannpháirteach ann.
Léigh níos mó



Na chéad chéimeanna eile maidir le Curaclam Bunscoile athfhorbartha a fhorbairt

Tá deireadh tagtha anois le Céim 2 den chomhairliúchán ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile le múinteoirí, ceannairí scoile, páistí agus a dtuismitheoirí i dtaca leis na príomhmholtaí le haghaidh curaclam athfhorbartha. Foghlaim níos mó faoi na céad chéimeanna eile maidir le Curaclam Bunscoile athfhorbartha a fhorbairt.

Léigh níos mó
Cuirfear an t-eagrán seo de info@ncca sa chartlann ar ár láithreán gréasáin. Beidh an chéad eagrán eile i do bhosca isteach i Bealtaine le míreanna ann ón luathóige, ón mbunscolaíocht, ón tsraith shóisearach agus ón tsraith shinsearach. Ar ndóigh, féadfaidh tú an t-eolas is déanaí faoinár gcuid saothair a fháil ar ár láithreán gréasáin ag www.ncca.ie
Twitter
Facebook
Website
Instagram
 
Roghanna Síntiúis

Cuireadh an ríomhphost seo chuig <seoladh ríomhphoist>. Cén fáth a bhfuair mé é seo? Díliostáil ón liosta seoRoghanna síntiúis a nuashonrú.

Oideachas - 35 Cearnóg Mhic Liam - Baile Átha Cliath 2 - D02 KH36 - Éire






This email was sent to <<Email Address>>
why did I get this?    unsubscribe from this list    update subscription preferences
NCCA | CNCM · 35 Fitzwilliam Square | 35 Cearnóg Mhic Liam · Dublin | Baile Átha Cliath, D2 D02 KH36 · Ireland