Skip to main content

(094) 9020700  | eolas@mayoeducationcentre.ie
Eircode: F23HX48

Find a Course:

Category

Fóram Feasa - Tascanna trasteangeolaíocha – Dearadh tascanna T1

Fóram Feasa - Tascanna trasteangeolaíocha – Dearadh tascanna T1
  • An múinteoir ábhair tú in iar-bhunscoil lán-Ghaeilge?
  • An bhfuil tú fiosrach maidir le ról an Bhéarla sa seomra ranga?
  • An bhfuil spéis agat foghlaim conas teacht i dtír ar théacsanna/ar fhíseáin i mBéarla chun an teagasc trí Ghaeilge agus tuiscint ar an ábhar a chur chun cinn?

Díreofar ar na nithe sin i sraith ceardlann a bheidh ar siúl ar líne, Dé Máirt, 11, 18, 25 Samhain agus 2 Nollaig.  Bronnfar teastas ag deireadh na sraithe.

Aidhm: Ceardlann 4: Tascanna trasteangeolaíocha – Dearadh tascanna T1

Sa cheardlann seo beidh deis ag rannpháirtithe tascanna trasteangeolaíocha a dhearadh iad féin bunaithe ar fhíseáin agus ar théacsanna a chuirfidh siad féin ar fáil roimh ré. Pléifear go sonrach le conas díriú ar aschur i nGaeilge agus na tascanna á ndearadh.

Cainteoir: An Dr Ailín Ní Chonchúir

Nóta beathaisnéise

Tá an Dr Ailín Ní Chonchúir ag obair le Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, ag plé le hoiliúint do mhúinteoirí agus le dearadh ábhar teagaisc. Tá spéis ar leith aici in oiliúint do mhúinteoirí – múinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí cáilithe araon. Tá sí bainteach le fada le teagasc, le hoiliúint do mhúinteoirí agus le dearadh siollabas ag iliomad leibhéal den chóras oideachais – an leibhéal bunscoile, an leibhéal iar-bhunscoile, an suíomh luathoideachais, an tríú leibhéal agus an earnáil aosoideachais, chomh maith le teagasc na Gaeilge thar lear. Bhain a taighde dochtúireachta le gnéithe d’úsáid an Bhéarla sa suíomh iar-bhunscoile lán-Ghaeilge.

Torthaí Foghlama

Faoi dheireadh na sraithe ceardlann, beidh na rannpháirtithe in ann:

  • Machnamh a dhéanamh ar ról an Bhéarla sa seomra ranga lán-Ghaeilge agus a ndearcadh féin a chur in iúl go feasach.
  • Míniú a thabhairt ar phríomchoincheapa an trasteangaithe agus an idirghabhála thrasteangeolaíche i gcomhthéacs an teagaisc trí Ghaeilge.
  • Aithint agus anailís a dhéanamh ar shamplaí de thascanna trasteangeolaíocha a chuireann le foghlaim na Gaeilge agus le tuiscint ábhair.
  • Dearadh agus pleanáil a dhéanamh ar thascanna trasteangeolaíocha dá seomra ranga féin, bunaithe ar théacsanna nó ar fhíseáin Bhéarla.
  • Cur chuige praiticiúil a fhorbairt chun úsáid an Bhéarla a chomhtháthú go héifeachtach agus go feasach i suíomh lán-Ghaeilge.

Course Details

Course Start Date / Time 02-12-2025 7:00 pm
Capacity Unlimited
Fee Free
Location Online Course